Plean Náisiúnta Leathanbhanda
- Naisc ábhartha eile
- Plean Náisiúnta Leathanbhanda
- Straitéis Dhigiteach
Is é atá i gceist leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) ná beartas Rialtais a bhfuil mar aidhm leis a chinntiú go bhfuil teacht ag gach teach, scoil agus gnó in Éirinn - beag beann ar chomh iargúlta nó chomh fada amach faoin tír is atá siad - ar leathanbhanda ardluais.
Baintear seo amach trí mheascán d'infheistíocht Tráchtála ar fud na tíre agus Idirghabháil Stáit sna ceantair sin nach dócha go n-infheisteoidh oibritheoirí atá ag gníomhú go neamhspleách iontu.
Is féidir an Léarscáil Náisiúnta Leathanbhanda a chuardach chun an chaoi a bhfuil sé beartaithe an leathanbhanda a chur ar fáil i gceantar faoin NBP a fheiceáil, is fearr úsáid a bhaint as Éirchód an áitribh ina bhfuil sé i gceist agat leathanbhanda a fháil chun an léarscáil a chuardach.
Sa léarscáil, bristear soláthar leathanbhanda síos i dtrí chatagóir nó réimse éagsúla.
• Ceantair ÓMRA - Is éard atá i gceist le limistéar ómra ar an léarscáil seo ná Straitéis Idirghabhála an Stáit ina leagtar amach cur chuige an Rialtais lena chinntiú go gcuirtear Leathanbhanda Ardluais ar fáil do gach teaghlach agus gnó sa tír sa chás is nach bhfuil aon líonra tráchtála ann faoi láthair ná pleanáilte. "An Limistéar Idirghabhála a thugtar ar an limistéar Leathanbhanda Ardluais neamhthráchtála seo
Faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda cuirfear leathanbhanda Snáithín ardluais ar fáil do bhreis is 544,000 áitreabh sa stát agus tá 38,000 díbh sin i gContae na Gaillimhe agus is ionann an infheistíocht réamh-mheasta i gContae na Gaillimhe agus €153 Milliún ar feadh shaol an tionscadail.
Téigh chuig www.nbi.ie chun an bhfuil d'áitreabh i Limistéir Idirghabhála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a fheiceáil agus is féidir leat clárú chun go gcuirfear an nuacht is déanaí chugat maidir leis an dul chun cinn atáthar a dhéanamh ar an leathadh amach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an NBI ar contactus@nbi.ie nó is féidir leat glaoch ar íosghlao 0818 624 624 má tá aon fhiosruithe agat maidir le d'áitreabh .
Tá Contae na Gaillimhe ar cheann de na chéad chontaetha ina mbeidh NBI ag cur tús a chur leis an obair thógála ag deireadh na bliana 2020. Tá léarscáil curtha ar fáil ag NBI a léiríonn na ceantair i gContae na Gaillimhe a bheidh sa chéad chéim tógála.
Ní bheidh NBI ag cur seirbhís ar fáil do na háitribh ar fad sa limistéar seo ar an léarscáil, ach beidh an tseirbhís á cur ar fáil d'áitribh sa limistéir idirghabhála ina bhfuiltear ag déanamh an leathadh amach, mar sin, tá sé tábhacht go mbreathnódh daoine atá ag lorg ceangail leathanbhanda ar an Léarscáil Náisiúnta Leathanbhanda nó ar léarscáil NBI atá ar a láithreán gréasáin chun an bhfuil a n-áitreabh clúdaithe faoin scéim seo a fheiceáil.
• Ceantair GHORMA - an áit a bhfuil oibritheoirí tráchtála ag soláthar nó a bhfuil sé curtha in iúl acu go bhfuil rún acu seirbhísí leathanbhanda ardluais a sholáthar iontu. D'fhéadadh do rogha oibritheoirí a bheith ar fáil duit chun an tseirbhís seo a sholáthar ag brath ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí. D'fhéadfadh sé cuidiú leat www.comreg.ie/compare/#/services nó inneall cuardaigh eile a dhéanann comparáid idir costais a sheiceáil. Má tá sé seo ar fad déanta agat ach nach bhfuil tú fós ábalta leathanbhanda ardluais a fháil ó na soláthróirí i do cheantar, déan teagmháil leis an Roinn Cumarsáide ar broadband@dccae.gov.ie.
• Ceantair BHÁNGHORMA - má tá do d'áitreabh i gceantar bánghorm, tá Open Eir tiomanta d'imlonnú tráchtála faoin tuath sa cheantar sin. Is féidir eolas a fháil ar an tseirbhís seo ar fibrerollout.ie . D'fhéadfadh sé cuidiú chomh maith www.comreg.ie/compare/#/services nó inneall cuardaigh eile a dhéanann comparáid idir chostais a sheiceáil
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte